![]() |
|||
Sochair Shláinte agus Gníomhaíocht ChoirpDúshlán GréasáinConas ar féidir linn cabhrú le Seán Mac Carthaigh? |
|||
| |
![]() |
![]() |
![]() |
|
Cuirfidh do rang
"Feachtas Eolais ar na Sochair a bhaineann le Gníomhaíocht Choirp"
le chéile chun cabhair a thabhairt do dhaoine cosúil le Seán chun a fháil amach
conas is féidir a gcineál saoil a fheabhsú ionas go mbeadh said ag mothú níos
fearr. Is
é an tasc atá agat mar bhall
d’fhoireann ná cabhrú le Seán
breathnú ar an ról atá ag scíth,
gníomhacht
choirp agus bia i soláthar fuinnimh chun riachtanais a chorp a
chomhlíonadh
agus a chaighdeán saoil a fheabhsú. Is é an misean
atá agat chun Seán a chabhrú ná; 1. A
nósanna itheacháin a fheabhsú i dtreo is go mbeadh níos mó fuinnimh aige. An féidir linn aiste bia shláintiúil a
phleanáil do Sheán ag baint úsáide as an bpirimid bhia mar threoir? Caithfimid a fháil amach cad iad na rudaí a
théann i bhfeidhm orainn an bia mícheart a ithe! 2. Níos
mó aclaíocht a fháil chun fuinneamh a scaoileadh i gceart. An féidir linn cabhrú le Seán roghanna
ar feadh an tsaoil a dhéanamh agus a insint dó faoi na míbhuntáistí a bhaineann
le heaspa gníomhaíochta? 3. Liosta
treoracha a thabhairt dó a chabhróidh leis, roghanna stílbheatha a bheadh
réadúil agus dearfa a dhéanamh
chun a shláinte a fheabhsú. 4. Bealaí
difriúla a thaispeáint dó chun a scíth a ligint a chabhróidh leis codladh a fháil. Féach ar na láithreán gréasáin seo a leanas chun tosnú agus déan taifead de na socruithe ar Na Sochair Shláinte de Ghníomhaíocht Choirp
|
![]() ![]() |